Minister Ó Cuív said he was happy to continue with the Department’s strategy, which provides state subsidies for freight services to islands that are currently without these services. He also said, “this new service, which will provide reduced fares and a regular service for the four islands, will be vital in ensuring the islands’ sustainability in years to come.”
As Gaeilge:
Seirbhís Lastais do na hOileáin i Loch Trasna – Ó Cuív
Is cúis áthais don Aire Gnóthaí, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív, TD, a fhógairt go bhfuil deontas de €35,000 ceadaithe aige do Chumann Forbartha Inis Arcáin (SIDS) chun seirbhís lastais a chur ar fáil d’Oileán Cléire, Oileán Fada, Inis Arcáin agus Inis Uí Dhrisceoil. Gheobhaidh an tsuim seo úsáid bhád ró/ró ar feadh 50 lá sa bhliain (€700 in aghaidh an lae). Is é seo an chéad uair ariamh a raibh seirbhís lastais fóirdheonaithe ag na hoileáin seo, seachas Oileán Cléire.
Ag fógairt an fhóirdheontais seo, dúirt an tAire Ó Cuív go raibh áthas air leanúint le straitéis na Roinne seirbhísí lastais stát-urraithe a chur ar fáil d’oileáin nach bhfuil sé acu faoi láthair. Ina theannta sin, dúirt sé, “beidh an tseirbhís nua seo, a thabharfaidh táillí laghdaithe agus rialtacht seirbhíse do na ceithre oileán, an-tábhachtach i ndáil le hinmharthanacht na n-oileán seo a chinntiú sna blianta amach romhainn.”